We are hiring -> Apply here

Léirmheas Aquaman

Aquaman Movie Poster

More Info

Is é Aquaman an séú cuid den “DC Universe”. Is léir ón teideal go bhfuil an scannán bunaithe ar an gcarachtar Aquaman ón greannáin DC. Bhí sé stiúrtha ag James Wan agus is é seo an tríú uair a bhí an carachtar seo ar an scáileán mór tar éis Justice League i 2017 agus Batman vs Superman i 2016. Is iad Jason Momoa, Nicole Kidman, Amber Heard, Willem Dafoe, Patrick Wilson, Dolph Lundgren agus Yahya Abdul-Mateen II na príomhaisteoirí sa scannán seo agus scannánaigh sé i go leor áiteanna, an Astráil, Maracó Ceanada agus an tSicil san áireamh.

Insíonn an scannán seo an scéal rómánsúil agus tragóideach dúinn faoi thuismitheoirí Aquaman. Tar éis sin, tá Aquaman le feicieáil sa lá atá inniu ann agus é i gcath idir an domhan os cionn uisce agus an domhan faoi uisce.

Tá pointí maith ag Aquaman do gach cineál duine toisc go bhfuil scéal grá, greann agus gaisce le feiceáil sa scannán. Tá na haisteoirí go leor go hiontach go háirithe Jason Momoa mar Aquaman. D’fhéadfadh an script a bheith beagán níos fear in áiteanna ach tríd is tríd is scannán maith é seo do chlainne agus do gach saghas duine agus tá sé siamsúil gan dabht ar bith.

Ráta 3.5/5

Tamara Ní Shíocháin