We are hiring -> Apply here

Learmhais Christopher Robin

Bhí cliú agus cáil ar Winnie the Pooh ar fud an domhain agus cuimhníonn a lán daoine Christopher Robin mar an páiste a d’imir leis an mbéar sa “Hundred Acre Wood”. Bhí an scannán stiúrtha ag Marc Forster agus scríofa ag Alex Ross Perry ón scéal a bhí scríofa ag Greg Brooker agus Mark Steven Johnson. Ach, tá an scannán seo difriúil mar is é an chéad uair atá na carachtair cáiliúil sa scannán “live-action” ar an scáileán mór. Is iad Ewan McGregor agus Hayley Atwell na príomhaisteoirí agus guthaigh Jim Cummings agus Brad Garrett na príomhcharachtair.Sa scannán feicimid Christopher Robin agus é fásta suas. Is léir gur chaill sé a shamhlaíocht ach nuair a bhuail sé le Winnie the Pooh gan choinne, athríonn é sin. Chaill Pooh a chairde (Tigger, Eeyore, Piglet, Owl, Rabbit, Kanga agus Roo) agus téigh sé ar ais go dtí an “Hundred Acre Wood” le Christopher Robin chun iad a fháil. Nuair a bhíonn siad go léir le chéile arís, téann said go Londain agus taispeánann siad na rudaí atá tábhachtach sa saol do Christopher.Is léamh áilinn ar an gclasaic é an scannán seo, gan dabht. Rud amháin nár mhaith liom ná go raibh an chuid is mó den am scáileáin ag baint le Christopher Robin, Pooh agus Tigger. Bheadh sé go deas chun níos mó faoi na charactair eile a fheiceáíl ach é sin ráite, tá na trí charactar sin go hiontach agus mar sin, ní raibh sé go leor chun é a mhilleadh. Is scannán iontach é do theaghlaigh, gan dabht ar bith.

Ráta 4.5/5

Tamara Ní Shíocháin

Book Now