Tugann an scannán seo ómós don bhunsraith – tá scéal ann a chuireann The Empire Strikes Back (1980) i gcuimhne dúinn (an Resistance ag cosaint a mbunáite ón namhaid mór, mar shampla). San am céanna, áfach, tá go leor fo-phlota agus cúpla casadh ann a chuireann blas nua-aimseartha ar an scannán. Anuas air sin, tá áilleacht na Gaeltachta le feiscint mar chúlra do bhuacphointe an scannáin. Conas gan a bheith i ngrá leis sin?Tosnaíonn an scannán le dhá scéal éagsúil: ar thaobh amháin, tháinig Rey (Daisy Ridley) ar Luke Skywalker (Mark Hamill) i bplainéad iargúlta darbh ainm Ahch-To (sin just ainm fancyáilte ficsean-eolaíochta le haghaidh Sceilg Mhichíl i nGaeltacht Chiarraí, ach ná habraigí tada). An chúis go bhfuil Luke ina chónaí in áit chomh scaoite amach sin ná “chun bás a fháil” mar a dúirt sé féin. Tá díomá mór millteach aige leis na Jedis só níl sé ag iarraidh a bheith páirteach sa chogaíocht níos mó. Beidh ar Rey cur ina luí air gurb éisean an dóchas deireanach atá ag an Resistance agus nach féidir leis dul ar scor go fóill. Cé go bhfuil Rey cinnte maidir lena sprioc ansan, tugann sí fé ndeara go bhfuil an fórsa á ceangail leis an namhaid Kylo Ren (Adam Driver) agus is féidir leo labhairt le chéile ó chian ar chúis éigint.

Cé go bhfuil go leor aicsin ann ó thús go deireadh, tá misteachas láidir taobh thiar den méid a tharlaíonn sa scéal – tagraítear do na Jedis mar “reiligiún” agus tá miniúchán bainteach leis an “bhfórsa” do go leor eachtraí sa scannán. I gcodarsnacht leis an scannán a tháinig roimhe – The Force Awakens (2015) ina raibh béim ar chumas fisiceach agus seift le linn troda, cuireann The Last Jedi níos mó béime ar chumhacht osnádúrtha. Ar deireadh, faigheann na lucht féachana amach go bhfuil an bua ag an té is cumasaí ag láimhseáil “fórsa”, is cuma ar an taobh geal nó dorch.

San am céanna go raibh sár-obair déanta leis na fo-phlotaí go léir, is dóigh liom go bhfuil cúpla locht sa phríomhscéal. Ar dtús baire, an bhfuil Rey ag éirí cosúil le Superman? Ní hamháin go bhfuil sí seiftiúil mar a léirítear in The Force Awakens, ach anois thugamar fé ndeara nach féidir teorainn a chur lena cumhacht – neamhchosúil leis na Jedis eile a tháinig roimpi, tá “gach rud sa Bhíobla Jedi ar eolas aici” mar a dúirt Máistir Yoda. Bhí ar Anakin (ceann de na Jedis “ba chumasaí”) streachailt ar feadh na mílte uair chun an oiliúint céanna a fháil, agus níl ach dhá chleachta ag teastáil ón “gcailín comónta a tháinig ó áit ar bith”? Fiú má tá sí gaolta le lucht Skywalker, níl sé sin inchreidte. Nach greannmhar go bhfuil sé mar thraidisiún ag an sraith Star Wars carachtair casta a chruthú – laochra a iompraíonn ina namhaid, namhaid a iompraíonn ina laoch (Finn), go leor laoch a dhéanann droch-chinneadh, agus anois (I gcás Kylo) namhaid a dhéanann an rud ceart ó am go ham… Ach níl aon locht le feiscint ar ár laoch is déanaí de réir cosúlachta.

Ar iomlán, scannán iontach spéisiúil é seo. Más maith leat siamsaíocht agus aicsean, ní bheidh díomá ort leis an gcasadh sa scéal, an troid go léir agus na héifeachtaí speisialta foirfe. Más maith leat scéal le brí agus ceangal leis an gcumhacht is mó, ní bheidh díomá ort ach oiread. Tá an scannán so in ann freastal ar an dá thrá agus is mór is fiú seans a thabhairt dó.

4/5

Natália Uí Fhaoláin                                         BOOK TICKETS