We are hiring -> Apply here

Léirmheas 1917

 

Is dráma é an scannán nua seo atá bunaithe ar an gcéad chogadh domhanda. Stiúir Sam Mendes an scannán agus scríobh sé é freisin chomh maith le Krysty Wilson Cairns. Na haisteoirí atá le feiceáil sa scannán ná George MacKay, Dean-Charles Chapman, Mark Strong (II), Andrew Scott, Richard Madden agus Claire Duburcq. Tá sé dírithe ar dhaoine fásta toisc go bhfuil foiréigean agus drochtheanga le feiceáil.Léirmheas 1917I rith an chéad chogadh domhanda, tá misean dodhéanta ag dhá saighdiúirí na Breataine, Schofield agus Blake. Caithfidh said dul isteach i gcríocha an namhad chun ionsaí ar na céadta saighdiúir a stopadh- deartháir Blake san áireamh.1917Níl amhras ar bith ach go bhfuil an scannán seo go hiontach. Tá sé mothúchánach, siamsúil agus suimiúil ach an rud is fear ná go bhfuil an aisteoireacht agus an cineamatagrafaíocht an mhaith ar fad. Níl sé oiriúnach do dhaoine óga ach má bhfuil suim agat sa stair nó sa scannáin chogaidh, bainfidh tú taitneamh as an scannán seo, gan aon dabht.

Ráta 4/5

Tamara Ní Shíocháín

Book Tickets