We are hiring -> Apply here

Léirmheas Arracht

 

Is deacair dul in iomaíocht lena leithéidí de James Bond agus Soprano, go háirithe le scannán Ghaeilge. Anuas air sin, bhí moill ar an léiriú i ngeall ar an éigeandáil sláinte a tharla an bhliain seo caite. In ainneoin gach uile constaic, áfach, d’éirigh go hiontach le seoladh Arracht an deireadh seachtaine seo caite. Scéal cumhachtach, carachtair an-láidir agus teachtaireacht rí-thábhachtach fé éagóir agus marthanacht is cúis leis an éacht sin.

Thá an scannán bunaithe ar scéal Cholmáin Ó Searcaigh, feirmeoir agus iascaire a mharaigh a thiarna talún sna 1840idí le linn an ghorta mhóir. Mhair a scéal sa seanchas i gConamara, agus cloistear véarsaí sa sean nós in ómós ar Cholmán le linn an scannáin.Ag an tús cuirimid aithne ar Cholmán, a bhean, agus a bhuachaill beag. Idir iascaireacht agus táirgeadh prátaí, thá saol simplí ach sona acu. Cloistear scéalta fé dúchan na bprátaí agus daoine caillte leis an ngorta ó cheantair eile den tír, ach ní thagann an tragóid go Conamara go dtí go bhfuil fadhb eile le réitiú ag an teaghlach san am céanna: ardú cíosa.

De réir na radharcanna ina dhiaidh sin, thá gach cosúlacht ann go bhfuil sé i gceist ag Colmán agus a chairde idirbheartú leis an tiarna talún mar gheall ar an ardú cíosa, agus drochscéal an ghorta athá i ndán dóibh a mhíniú dó. Nuair nach léiríonn an tiarna talún aon tuiscint don scéal, áfach, tugaimid fé ndeara go raibh sé beartaithe ag Colmán agus a chairde é agus a theaghlach ar fad a mharú ar aon nós.Is í an eachtra seo a chuireann tús le plota an scannáin – éalaíonn Colmán agus faigheann a theaghlach bás. Is gá dó maireachtáil anois ins an nádúr i gcomhluadar cailín beag a chaill a teaghlach freisin. De réir is a théann an scéal ar aghaidh, cloistear guthanna sa chúlra a léiríonn tráma Cholmán le bás a theaghlaigh, agus cuimhní an chailín ag teacht thar n-ais.

In éineacht leis an bhfuaimriain iontach sin, feictear dathanna fuara agus íomhánna a léiríonn míchompord tríd is tríd, ach ar bhealach ealaíonta fileata. Is mór an éacht bainte amach ag na aisteoirí freisin le aithris den chéad scoth ar charachtair casta ilghnéitheacha an scéil – is dóigh liom go bhfuil duais tuilte ag Dónall Ó Héalaí (Colmán) agus Saise Ní Chuinn (Kitty) gan dabht.

5/5

Natalia Uí Fhaoláin

Book Tickets