Léirmheas Birds of Prey

 

Is é seo an chéad scannán eile sa sraith DC. Tá foireann aisteoireachta iontacha le feiceáil sa scannán aicsean seo mar shampla Margot Robbie, Mary Elizabeth Winstead, Jurnee Smollett-Bell, Ewan McGregor, Rosie Perez agus Ella Jay Basco. An stiúrthóir ná Cathy Yan agus scríobh Christina Hodson an scannán. Tá an scannán seo dírithe ar dhaoine fásta amháin mar gheall ar an drochtheanga, na drugaí agus na tagartaí gnéasacha atá le feiceáil.Birds Of PreyTá an scannán seo suite i nGotham. Nuair atá an drochdhuine, Roman Sionis, ag iarraidh cailín óg, Cass, a fháil, caithfidh Harley Quinn, Huntress, Black Canary agus Renee Montoya obair le chéile chun Cass a shábháil.Birds Of PreyIs scannán iontach é seo, gan dabht ar bith- tá a lán aicsin le feiceáil agus tá sé an-ghreannmhar ar fad. Tá Margot Robbie go hiontach mar Harley Quinn arís agus tá na haisteoirí eile an-mhaith freisin. Níl sé oiriúnach do pháistí, gan dabht, ach má tá suim agat sa scannáin DC, bainfidh tú taitneamh as an scannán seo, gan aon amhras.

Ráta 4.5/5

Tamara Ní Shíocháin

Book Tickets