Léirmheas Black 47

Léirmheas Black 47

More Info

Níl aon dabht ach go raibh 1847 an bhliain is measa i stair na hÉireann agus faoi dheireadh, 170 bliain ina dhiaidh sin, rinneadh an chéad scannán faoin Gorta Mór. Cuireadh Black 47 amach i bpictiúrlanna in Éirinn an tseachtain seo. Bhí sé stiúrtha ag Lance Daly agus tá aisteoirí iontacha sa scannán freisin idir na haisteoirí idirnáisiúnta agus na hÉireannaigh.

Bhí Martin Feeney (James Frecheville) ag troid leis an arm na Breataine in Afganastáin agus nuair a thánaig sé ar ais go dtí Conamara, bhí gach mac máthar imithe (fuair siad bás den ocras nó bhog said go Meiriceá), a chlann san áireamh. Thug Feeney faoi deara gur bhain roinnt daoine Éireannacha tairbhe as an nGorta mar bhí said ag obair leis na Briotanaigh. Sa scannán, tá sé ag iarraidh díoltas a bhaint amach ach ag an am céanna tá sé ag iarraidh pionós a sheachaint mar thréigh sé an arm.

Is rud an-tábhachtach í an Ghaeilge sa scannán mar úsaidtear an Ghaeilge chun idirdhealú a dhéanamh idir na daoine a bhí ag fulaingt agus na daoine a bhí ag baint tairbhe as an nGorta. Ina theannta sin, is léir go ndearna siad a lán taighde mar go raibh go leor fíricí stairiúla ann. Ach ó am go chéile, tá sé soiléir nach raibh buiséad an-mhór acu go háirithe sna radhairc trodaireachta. Ach é sin ráite, is é an chéad scannán faoin Gorta Mór, bhí an aisteoireacht thar barr agus bhí an cineamatagrafaíocht an-éifeachtach.

Tamara Ní Shíocháin

Ráta: 4/5