Léirmheas Black 47

Léirmheas Black 47

Rinneadh réamh-léirmheas ar Black 47 ag féile scannán Berlin i mí Feabhra agus is é an chéad scannán Éireannach atá bunaithe ar an nGorta Mór. Tá sé scríofa agus dírithe ag Lance Daly agus is iad Hugo Weaving, Jim Broadbent, James Frecheville, Freddie Fox agus na haisteoirí Éireannach Stephen Rea, Moe Dunford, Sarah Greene agus Bary Keoghan na príomhcharactair sa scannán.

Tá sé suite in Éirinn sa bhliain 1847. Bhí Feeney (Frecheville) ag troid le arm na Breataine agus nuair a thánaig sé abhaile bhí a theaghlach go leor marbh nó ag fáil bháis. Tá sé ag iarraidh díoltas a bhaint amach agus cuirfear saighdiúir foréigneach na Breataine (Weaving) chun é a rianú.

Tá Black 47 cosúil le scannán “Western” agus baineann sé tairbhe as Gaeilge a úsáid mar theanga bheo. B’fhéidir go mbeadh sé seo suimiúil do lucht féachana idirnáisiúnta. Ina theannta sin, b’fhéidir go mbeadh an scannán seo an chéad uair a chuala lucht féachana idirnáisiúnta a lán eolais faoin nGorta Mór. Taispeánann an scannán an tubaiste agus an foréigean a tharla le linn an Ghorta. Tá na tírdhreacha tréigthe agus tá na pobail ag éirí díofa. Ó am go chéile, is léir ón seit go raibh srianta ar an mbuiséad ach é sin ráite, is féidir leis an scannán dul thar a teorainneacha radhairc.

Cé go bhfuil foréigean sa scannán, níl sé ró-ghráiniúil agus léiríonn sé cad a tharlaíonn i rith an Ghorta Mór. Anuas ar sin, bhí sé an-tábhachtach nuair a bhain said úsáid as an Ghaeilge chun na charactair a roinnt idir daoine dúchasach agus inróirí mar faighimid léargas ar saol ag an am sin. Gan dabht, léiríonn Black 47 caibidil casta de stair na hÉireann atá cliste agus an-siamsúil.

Ráta 4/5

Tamara Ní Shíocháin