We are hiring -> Apply here

Léirmheas Despicable Me 3

Tá drochdhuine nua sa scannán Despicable Mé 3 “Baltazar Bratt”; gasúr réaltachta óna 80idí atá ag iarraidh díoltas a bhaint amach ar an domhan mar cuireadh a sheó teilifíse cáiliúil ar ceal. Spreagtha óna theaghlach uchtaigh; Margo (Miranda Cosgrave), Edith agus Anges tá Gru (Steve Carrell) tar éis a shaol coiriúlachat a fhágáil taobh thiar de ina ionad tá sé ag obair taobh le taobh lena bheanchéile nua Lucy (Kristen Wiig) mar gníomhaire i gcoinne na drochdhaoine.

Ní tuisce d’fhulaing sé go huafásach ina shaol ghairmiúla, cuireadh a shaol phearsanta bunoscionn chomh maith nuair a bhuaileann sé lena dheartháir anaithnid Dru. Tugann sé cuireadh dóibh cuairt a thabhairt dá bhaile dúcháis “Freedonia”. Oibríonn an beirt acu le chéile chun stop a chur le Baltazar Bratt.

Cé nach bhfuil ról lárnach acu i bplota an scannáin ach ar ndóigh feictear na Minions ionúine; Bob, Stuart, Kevin agus an Crú atá tar éis croí na ndaoine a mhealladh. B’fhéidir gurbh é an fáth le seo ná go bhfuil Universal ag obair ar scannán iomlán dírithe ar na Minions.

Tá an plota simplí agus uilíoch ach níl mórán téagar sa scannán mar shampla feicimid Lucy ag streachailt ina ról nua mar leasmháthair agus Agnes atá dúghafa le aonbheannach fíor a fháil ach faoi dheireadh an scannáin níl mórán réitithe. Ní é an scannán is fearr sa tríológ é ach is scannán taithneamhach é do pháistí agus tá roinnt scéalta grinn curtha isteach ann chun tuisimitheoirí a choinneál sásta.

Thit an domhan i ngrá leis na créatúir bheaga, buí i 2010 agus is léir go bhfuil sin go leor chun duine a mhealladh chun an scannán a feiceáil. Ar deireadh is scannán a bhfuil an-ghean ag daoine air mar sin mholfainn dul chun é a fheiceáil.

4/5