We are hiring -> Apply here

Léirmheas Dune

Athinsint an-spéisiúil ar scéal Frank Herbert ó na 1960idí is ea an scannán seo. Is feabhas suntasach é an leagan seo i ngach uile réimse (scéalaíocht, éifeachtaí, stiúrthóireacht srl) i gcomparáid leis an mbunscannán déanta in 1984, ach ní saothar ró-dheacair í sin, ós rud é go raibh an bunscannán go dona i dtuairim cuid mhór den lucht féachana. Is dóigh liom féin gur fhéadfadh an leagan nua seo a bheith níos fearr, ach is fiú go mór breathnú air ar aon nós. Thá scéal casta lán “infodump” i gceist le bunscéal Dune, foilsithe i stíl greannáin sna 1960idí. Dá bhrí sin, theip ar go leor scannánóirí an scéal ar fad a aistriú go dtí an scáileán ó shin. Níl aon iontas gur éirigh sé ina sraith anois, ionas gur féidir leis an scéal dul ar aghaidh gan an iomarca eolais i ngach aon radharc. É sin ráite, tháinig díomá orm ag an ndeireadh – thá bealaí ann a thabhairt le fios don lucht féachana go leanann an scéal sa chéad scannán eile gan a bheith follasach. Ní theastaíonn scannán bíse uaim, go háirithe i bpictiúrlann. Oireann an teicíc sin níos fearr do Netflix i mo bharúil. Más féidir leat neamhaird a thabhairt ar an mbotún luaite thuas, is dócha go mbainfidh tú sult as, is cuma an leantóir nó duine fiosrach thú. Cuireann Dune béim ar go leor fadhbanna shóisialta athá chomh hábhartha céanna inniu is a bhí 50 bliain ó shin: bagairt na deachtóireachta, radacachas reiligiúnach, athrú aeráide, agus an phatrarcacht. Anuas air sin, d’éirigh leis an scannán seo a bheith dílis go leor leis an scéal ó na greannáin, agus thá bualadh bos tuillte as an éacht sin amháin.Tarlaíonn an scéal sa bhliain 10191, agus leanaímid go háirithe saol Paul Atreides, mac Diúc phlainéid Caladan, a sheoltar go dtí plainéad Arrakis (gaineamhlach contúirteach athá san impireacht chéanna ach fé cheannas chlann eile – muintir Harkonnen) chun “an spíosra” a chosaint. Dúil chumhachtach, annamh, costasach is ea an spíosra, agus cuidíonn sé le gach éinne taisteal go sábháilte ar spás. Ní fhásann se ach in Arrakis, áit a nglaoitear Dune. Ag tús an scéil, deirtear le Paul go bhfuil na bundúchasaigh ó Arrakis (lucht Fremen) contúirteach fiachmhar agus nach fiú an iomarca muinín a chur orthu. De réir a chéile, áfach, tuigeann sé gur bhréag í sin agus déanann sé iarracht an fhírinne fúthu a fháil amach. Tarlaíonn sin i ngeall ar a chomhráite leo ar lámh amháin, agus brionglóidí fúthu ar an lámh eile. Bíonn Paul i gcónaí i gcoimhlint idir bhrionglóid agus réaltacht, agus is cuid mhór de dhraíocht an scéil é sin.B’fhéidir go ndéarfaidh na lucht féachana nua gur chlísé athá sa scéal seo, ós rud é go bhfuil laoch amháin ann, “an té athá tofa” mar a deirtear. Bhí an cineál sin aistir seanchaite sna 1990idí le leithéidí Harry Potter agus The Mummy cheana féin, só tuigim na gearáin. Ag an am céanna, áfach, caithfear a thuiscint gur aithinsint é seo. Ní raibh aistear an laoich chomh seanchaite céanna nuair a tháinig greannáin Dune amach ar dtús. Thá an scannán seo dílis leis an mbunscéal agus ní drochrud í sin, cé gur tharla clísé nó dhó mar thoradh.Na eilimintí is mó a sheasann amach dom sa leagan seo Dune ná, ar dtús, an scéalaíocht chliste: is iontach spéisiúil an míniúchán athá taobh thiar de bhrionglóidí agus cumhachtaí Paul – tagann siad óna mháthair, í mar bhall de chumann rúnda na mban a d’oibrigh ar feadh na glúnta chun “an té athá tofa” a thabhairt chun saoil. Níl an chúis ró-shoiléir sa chéad scannán seo, ach spreagann sé na lucht féachana chun machnaimh go dtí go dtagann an chéad cheann eile amach. An dara rud is mó suntais ná an rogha éifeachtaí speisialta: níl siad ró-infheicthe (seachas b’fhéidir súile gorma lucht Fremen, mar is gnáth), agus uaireanta is deacair iad a thabhairt fé ndeara, ach oireann sin do mheon éadóchasach an scéil. Cuir sin i gcomparáid le leagaineacha níos luaithe den scéil ina raibh scannánóirí ag iarraidh éifeachtaí “sícideileacha” a chur ann, agus is feabhas é sin gan aon dabht.

Natalia Uí Fhaoláin

4/5

Book Tickets