We are hiring -> Apply here

Léirmheas Gemini Man

 

Is é Gemini Man an scannán nua le Will Smith mar príomhaisteoir. Is scannán mistéire agus ficsean eolaíochta é agus na haisteoirí eile atá sa scannán seo ná Mary Elizabeth Winstead, Clive Owen agus Benedict Wong. Stiúir Ang Lee an scannán agus na scríbhneoirí atá i gceist ná David Benioff, Billy Ray agus Darren Lemke. Níl sé oiriúnach do dhaoine óga toisc go bhfuil go leor foréigin agus drochtheanga sa scannán.Gemini ManIs feallmharfóir éilít é Henry Brogan (Will Smith) agus sa scannán seo, tá gníomhaire óg, mistéireach ag díriú air. Ach tá rudaí níos casta ná sin, mar clón de Brogan is ea an gníomhaire agus mar a gheall air sin, is féidir leis a chéad phlean eile a thuar.

Gemini ManChun an fhírinne a rá, ní hé an scannán is fearr nó an scannán is siamsiúil é Gemini Man. Tá aisteoireacht Will Smith go maith, mar is gnách, ach tá an scéal saghas leadránach agus níl go leor aicsean ann. Ina theannta sin, níl aon úrnuacht ag baint leis an scéal. Ach, é sin ráite, tá an cineamatagrafaíocht agus an teicneolaíocht dhigiteach go maith.

Ráta 2/5

Tamara Ní Shíocháin