We are hiring -> Apply here

Léirmheas Greta

Is scéinséir siceolaíoch é an scannán Greta. Stiúir Neil Jordan é, scríobh Ray Wright é agus tá sé beagnach cosúil le Fatal Atraction Single White Female. Is iad Isabelle Huppert agus Chloe Grace Moretz na priomhaisteoirí sa scannán seo agus tá siad go hiontach.

Tá an scannán seo suite i Nua Eabharc agus tagann cailín óg, Frances, ar mhála ar an traein agus níl tásc ná tuairisc ar an úinéir. Faigheann sí an úinéir chun an mála a thabhairt ar ais di. Is duine uaigneach í Frances mar fuair a máthar bás le déanaí agus tá an úinéir, Greta, an-uaigneach freisin toisc go bhfuil sí ina baintreach. Éiríonn na beirt mná an-chairdiúil lena chéile ach níorbh fhada go bhfuil Greta an-ait agus an-mhistéireach.

Níl dabht ar bith ach go bhfuil an scannán seo go hiontach. Tá sé lán de mhistéir, dráma agus teannas. Tá an aisteoireacht thar barr freisin. Is féidir a rá go bhfuil an scannán seo saghas intuartha agus neamhréalaíoch ach tá sé go hiontach ar aon nós.

Ráta 4/5

Tamara Ní Shíocháin