Léirmheas Hustlers

Tá an scannán greannmhar seo dírithe ar dhaoine fásta gan dabht ar bith toisc go bhfuil go leor gnéis le feiceáil. Tá sé dírithe ar mná go háirithe, mar gheall ar na ban-aisteoirí iontacha atá sa scannán seo. Na príomhaisteoirí sa scannán ná Constance Wu, Jennifer Lopez, Julia Stiles, Keke Palmer agus Lili Reinhart. Stiúir Lorene Scafaria an scannán seo agus spreag alt ó New York Times le Jessica Pressler é.Hustlers

Tá an scannán suite i Nua Eabharc i Meiriceá agus tá sé bunaithe ar chúigear ban, Destiny, Ramona, Elisabeth, Mercedes agus Annabelle. Is struipeálaí iad agus tá siad ag iarraidh díoltas a bhaint amach ar a gcliaint Wall Street agus a gcuid airgead a fháil.

Is scannán an-ghreannmhar é seo gan dabht ar bith agus anuas air sin, tá an scéal go hiontach. Tá sé siamsúil, greannmhar agus in áiteanna, mothúchánach. Tá na haisteoirí go hiontach agus b’fhéidir go bhfuil sé seo an aisteoireacht is fearr atá déanta ag Jennifer Lopez riamh. Ina theannta sin, tá an cinematagrafaíocht thar barr. Tríd is tríd, is scannán iontach é seo, gan aon amhras agus is fiú é a fheiceáil.

Ráta 4.5/5

Tamara Ní Shíocháin

Book Tickets