Léirmheas Instant Family

Instant Family Movie Poster

Is dráma greannmhar é Instant Family le Mark Wahlberg, Rose Byrne, Isabela Moner, Gustavo Quiroz, Julianna Gamiz, Margo Martindale, Julie Hagerty, Tig Notaro, agus Octavia Spencer mar phríomhaisteoirí sa scannán. Tá go leor scannán rathúil ag Sean Anders agus tá sé ina stiúrthóir den scannán seo freisin. Níl sé seo an chéad uair atá é féin agus Mark Wahlberg ag obair le chéile- bhí an bheirt acu ag obair ar an tsraith Daddy’s Home freisin. Ina theannta sin, tá an scannán seo bunaithe ar ghnéithe de shaol Sheáin Anders.

Insíonn an scannán seo an scéal dúinn faoin lánúin phósta, Pete agus Ellie, agus iad ag iarraidh páiste a uchtú agus nuair a uchtaíonn said triúr pháistí, tá go leor oibre le déanamh acu.

Tá na haisteoirí go leor go hiontach sa scannán seo go háirithe Mark Wahlberg agus Rose Byrne mar tá splanc iontach idir an bheirt acu ar an scáileán. Tá sé greannmhar go leor ach tá sé beagán mothúchánach in áiteanna freisin. Is fiú é a fheiceáil, gan dabht.

Ráta 3.5/5

Tamara Ní Shíocháin

More Info