Léirmheas Jumanji: Next Level

 

Is é seo an tríú scannán sa sraith Jumanji agus is scannán aicsean é an scannán seo ach tá sé greannmhar ag an am céanna. Tá sé dírithe ar pháistí agus ar dhaoine fásta Stiúir Jake Kasdan an scannán seo agus bhí sé ina scríbhneoir den scannán freisin chomh maith le Jeff Pinkner agus Scott Rosenberg. Ina theannta sin, tá aisteoirí iontacaha le feiceáil sa scannán mar shampla Kevin Hart, Nick Jonas, Dwayne Johnson, Jack Black agus Karen Gillan.Tá gach duine ar ais le chéile arís ach tá an cluiche difriúil anois. Nuair a téann siad ar ais go Jumanji chun duine éigin a shábháil, tá gach rud tar éis athrú. Caithfidh siad dul tríd an fásach agus thar chnoic faoi shneachta chun Jumanji a éalú.Is scannán maith é seo, gan dabht ar bith. Tá aicsean le feiceáil agus tá sé greannmhar agus níl dabht ach go mbainfidh páistí taitneamh as. Ina theannta sin, tá aisteoirí maith le feiceáil agus tá Kevin Hart agus Dwayne Johnson an-ghreannmhar mar is gnách. Is fiú é a fheiceáil, gan aon dabht.

 

Ráta

3.5/5

Tamara Ní Shíocháin