Leirmheas: Kingsman: the Golden Circle

Aicsean den scoth, éifeachtaí iontacha agus teachtaireacht láidir a chuirfidh thú ag machnamh go mór: sin iad na buanna is mó atá ag an scannán leantach so.

kingsman-2

Cé gur scannán leantach é so, is deacair é a chreidiúint: bheinn ag súil go mbeadh daonra an domhain íslithe go mór agus córas polaitíochta iomlán éagsúil i bhfeidhm ar fud na cruinne i ndiaidh an chéad scannáin. Is dócha go bhfuiltear ag cloí leis an bpatrún céanna arís: sábhálann lucht Kingsman an domhain ó namhaid cumhachtach a dhéin bagairt mhór tubaisteach, ach cé is moite de sin, ní thugann éinne na gníomhairí rúnda fé ndeara. Níl a leithéid sin inchreidte in aon chor. Pé scéal é, is féidir cur suas leis an bpoll mór millteach sa phlota má bhíonn tú ag tabhairt níos mó airde ar an aicsean agus an smaoineamh taobh thiar den scéal.

Tá go leor polaitíochta taobh thiar de scannáin Kingsman, agus de ghnáth is smaointeoir den scoth atá sa namhaid: ar an gcéad scannán, bhí namhaid ag iarraidh ollscriosadh a dhéanamh ar daonra an domhain toisc go bhfuil sé ag éirí ró-mhór agus ó smacht againn. Nach fíor é! Dár ndóigh, d’éirigh le gníomhaire déagóir Harry Hart (Colin Firth) agus a fhoireann stop a chur leis, ach fanann na lucht féachana ag smaoineamh ar an gceist. Níl sé difriúil sa scannán leantach: is í ár namhaid an babhta so í Poppy Adams, ceann de na mangairí drugaí is mó rath orthu ar domhain. Cé go bhfuil sí saibhir, teastaíonn cáil uaithi. Dá bharr sin, cuireann sí nimh ar na drugaí mídhleathacha go léir. Tá leigheas forbartha aici, ach ní scaoilfidh sí é ar fud an domhain sula ndéanann uachtarán Mheiriceá cinneadh na drugaí sin ar fad a cheadú as seo amach. An eireoidh le Kingsman stop a chur léi?

Cé go mbaineann an scannán so le ceist na ndrugaí, taispeántar ár laochra ag ól níos mó ná uair amháin. Dár ndóigh, oibríonn siad in éineacht lena gcomrádaithe Meiriceánacha Statesman, atá fé bhréagriocht i ndrioglann uisce beatha! Ní dóigh liom gur trí thimpist a bhí sé sin. Is fimíneacht atá á cháineadh sa scannán so thar aon rud eile, agus níl sa príomhscéal ach píosa aicsin taitneamhach a théann leis. D’fhéadfaí na scannáin Kingsman a cháineadh ar go leor bealaí éagsúla – níl easpa lochtanna iontu in aon chor – ach is léir go gcuirtear rudaí dochreidte áirithe ann ar mhaithe le greann… Agus oibríonn sé! Nach deas féachaint ar scannán spiaireachta atá greannmhar, cosúil leis na chéad cúpla scannáin 007 an chéid so caite. San am céanna, tá an tsraith so cliste ag spreagadh díospóireachta ar cheisteanna conspóideacha an lae inniu. Níor cheap mé riamh go ndéarfainn é riamh, go háirithe i mbun léirmheasa scannánaíochta, ach: uaireanta ní gá ciall a bheith sa phlota in aon chor.

More Info