Léirmheas Magic Mike

Tá an scannán cáiliúil Magic Mike are siúl anseo arís. Is scannán grinn é le Channing Tatum mar phríomhaisteoir. Stiúir Soderbergh an scannán agus an scríbhneoir ná Reid Carolin. Na haisteoirí eile atá sa scannán ná Alex Pettyfer, Matt Bomer, Joe Manganiello, Matthew McConaughey agus Cody Horn.Tá an scannán seo bunaithe ar shaol Channing Tatum nuair a bhí sé ag obair mar struipéalaí. Sa scannán, tá sé ag tabhairt comhairle do dhamhsóir óg, The Kid, faoi gach rud ag baint le cailíní, alcól agus cóisireacht. Níl an scannán seo oiriúnach do dhaoine óga mar tá gnéas agus drugaí le feiceáil sa scannán. Ach, is scannán maith é, gan dabht ar bith- tá sé greannmhar agus siamsúil agus is fiú é a fheiceáil gan aon dabht.

Ráta 4.5/5
Tamara Ní Shíocháin

Book Tickets