Léirmheas Men In Black: International

 

 

Is é seo an ceathrú scannán sa sraith ficsean eolaíochta Men in Black. Stiúir F. Gary Gray an scannán seo agus tá go leor aisteoirí cáiliúla le feiceáil mar shampla Anatole Taubman, Andy Beckwith, Ania Sowinski, Chris Hemsworth, Davina Sitaram, Emma Thompson, Jess Radomska, Kumail Nanjiani, Liam Neeson, Nasir Jama, Penelope Kapudija, Rafe Spall, Rebecca Ferguson, Stephen Wight, Tessa Thompson agus Viktorija Faith.   Tá an scannán seo ag leanúint ar aghaidh tar éis an scannáin Men in Black 3 ón bhliain 2012 ach níl na caractair céanna le feiceáil sa scannán seo. Tá na gníomhairí nua ‘Agent H’ and ‘Agent M’ ag dul go Londain chun brathadóir a fháil. Ansin, caithfidh siad é a stopadh.Is scannán siamsúil agus greannmhar é seo agus tá go leor aicsin ann freisin. Ina theannta sin, tá aisteoirí iontacha le feiceáil sa scannán seo go háirithe Chris Hemsworth agus Tessa Thompson. Mar sin, is fiú an scannán seo a fheiceáil, gan dabht.

Ráta 3.5/5

Tamara Ní Shíocháin