Léirmheas Spider Man: No Way Home

 

Scannán uathúil é seo a thugann blaiseadh den am atá thart do leantóirí Spiderman an lae inniu – tagann saibhreas agus cumha ar an scéal úrnua seo de bharr rannpháirtíochta seancharachtair íocónacha (namhaid agus laochra araon).
Cé go bhfuil éigeandáil nua cruthaithe ag namhaid amhail Green Goblin, Electro agus Doc Ock (mar is gnáth), d’fhéadfaí a rá go bhfuil coimhlint eile ar fad i gcroílár an scéil: géarchéim féiniúlachta Peter Parker. An laoch é i ndáiríre, nó an gcothaíonn sé níos mó fadhbanna ná athá réitithe aige? An mbeadh a chailín cara MJ i ngrá leis murach Spiderman? Agus b’fhéidir níos tábhachtaí ná aon rud eile: an fiú dó a bheith ina laoch, mura féidir leis a bheith rathúil sa ghnáth-shaol san am céanna (mar shampla, dul go dtí an ollscoil ar nós gnáth-dhaoine)?
Pléann an scéal an géarchéim pearsanta sin ar bhealach siamsúil, lán le aicsean i gcoinne namhaid ar thaobh amháin, agus brú curtha ar Peter ag na meáin ar thaobh eile i ngeall ar an bpraiseach agus contúirt a chothaíonn sé le linn troda. Cad a tharlódh dá raibh cinneadh difriúil glactha aige sa tsaol – mar shampla, gan a fhéiniúlacht a thaispeáint riamh go poiblí, gan teacht ar na Avengers, srl? Cén toradh a bheadh ar shaol Peter dá raibh sé in ann dul thar n-ais in am agus botúin áirithe a chur ina gceart?Spider-Man: No Way HomeChun na ceisteanna sin a fhreagairt, labhraíonn sé leis an t-aon duine athá in ann a leithéid a thriail: Doctor Strange. Ach cé go bhfaigheann sé an cabhair a bhí uaidh chun a shaol a atosú ar bhealach níos críonna, ní thagann sé gan phraghas: praiseach ollmhór ar an ilchruinne a thugann sean-namhaid thar n-ais ón bhás, agus gach uile leagaineacha eile “Spiderman” in aon domhain amháin.

Natalia Uí Fhaoláin

5/5