Léirmheas The Irishman

 

Is scéinsir coireachta agus dráma é an scannán nua The Irishman. Stiúir Martin Scorsese an scannán agus scríobh Steven Zaillian é. Anuas air sin, tá aisteoirí cáiliúil le feiceáil sa scannán seo mar shampla Robert DeNiro, Al Pacino, Joe Pesci, Jesse Plemons, Bobby Cannavale agus Anna Paquin. Níl an scannán seo oiriúnach do dhaoine óga toisc go bhfuil a lán foiréigin le feiceáil. Tá an scannán seo ag leanúint Frank Sheeran agus é ag tabhairt a chuid scéal chun cuimhne nuair a bhí sé ag obair don chlann coireachta Bufalino. Ina theannta sin, bhí lámh aige in imeacht a chara, Jimmy Hoffa sa bhliain 1975.The IrishmanNíl dabht ar bith ach go bhfuil an scannán seo go hiontach ar fad. Tá aisteoirí iontacha le feiceáil go háirithe Robert DeNiro agus Al Pacino agus níl dabht ach go raibh siad thar barr sa scannán seo freisin. Tá an scannán an-fhada ach tá sé suimiúil ó thús go deireadh. Is fiú an scannán seo a fheiceáil, gan aon amhras.

Ráta 4.5/5

Tamara Ní Shíocháin