Léirmheas UglyDolls

Is scannán beochana é an scannán UglyDolls agus tá sé dírithe ar pháistí agus daoine óga. Is scannán greannmhar agus aicsean é agus tá foireann aisteoirí iontacha le feiceáil sa scannán – Kelly Clarkson, Emma Roberts, Nick Jonas, Gabriel Iglesias, Janelle Monáe agus Bebe Rexha san áireamh. Ina theannta sin, stiúir Kelly Asbury an scannán agus scríobh Alison Peck an script.Tá Moxy agus a cairde ina gcónaí in Uglyville agus ba bhreá le Moxy páiste a bheith aici chun grá a thabhairt di. Mar sin, fágann Moxy agus a cairde Babo, Ugly Dog, Lucky Bat agus Wage, a mbaile dúchais chun páiste a fháil. Ach taobh amuigh de Uglyville, tá na bábóga go leor ag iarraidh bheith foirfe agus foghlaimíonn na UglyDolls ceacht tábhachtach – chun glacadh lena lochtanna.Tá na híomhánna geal agus ildaite, tá go leor aisteoirí cáiliúil sa scannán agus tá na hamhráin go maith. Ach, tá go leor teachtaireachtaí contrártha le feiceáil sa scannán faoi chorpíomha agus b’fhéidir nach bhfuil sé sin go maith do pháistí óga. Anuas air sin, tá an scéal an-shimplí agus beidh sé saghas leadránach do pháistí níos sine. Mar thoradh, ní scannán iontach é seo.

Ráta 2/5

Tamara Ní Shíocháin

Book Tickets