We are hiring -> Apply here

Léirmheas Unhinged

 

Is scéinséir siceolaíoch é an scannán iontach seo. Stiúir Derrick Borte an scannán agus an scríbhneoir ná Carl Ellsworth. Tá an aisteoir iontach Russell Crowe le feiceáil sa scannán seo chomh maith le Caren Pistorius, Gabriel Bateman agus Jimmi Simpson. Sa scannán seo, tá Rachel déanach ag teacht ag obair agus éiríonn buile bhóthair i bhfad níos casta nuair a díríonn fear éigin uirthi chun ceacht a mhúineadh di.Is scannán iontach é seo gan aon dabht ach níl sé oiriúnach do dhaoine óga toisc go bhfuil a lán foiréigin le feiceáil. Ach é sin ráite, má tá suim agat i scéinséirí, tá an scannán seo thar barr- tá mistéir agus teannas le feiceáil agus tá an scéal go hiontach. Tríd is tríd, is fiú an scannán seo a fheiceáil gan aon dabht.

Ráta 4.5/5

Tamara Ní Shíocháin

 

Book Tickets