We are hiring -> Apply here

Léirmheas Us

[et_pb_section admin_label=”section”]
[et_pb_row admin_label=”row”]
[et_pb_column type=”4_4″]
[et_pb_text admin_label=”Text”]
Us Movie Poster

Is é seo an dara scannán uafáis siceolaíoch a stiúir Jordan Peele. Scríobh agus stiúir sé an scannán cáiliúil ‘Get Out’ freisin. Is iad Lupita Nyong’o, Winston Duke, Elisabeth Moss, agus Tim Heidecker na príomhaisteoirí sa scannán seo agus tá sé suite i gCalifornia.

Téann Adelaide Wilson agus a clann ar laethanta saoire go dtí an trá ach bhí drocheispéireas aici san áit sin nuair a bhí sí óg. Tá Adelaine an-neirbhíseach nuair atá siad ann agus ceapann sí go bhfuil rud uafásach ann. Tá an ceart aici agus ionsaítear an chlann. Ach tá sé níos casta ná sin mar tá ceangal idir an chlann agus na hionsaitheoirí agus tá an troid an-deacair mar a gheall ar sin.

Is stiúrthóir iontach é Jordan Peele nuair atá scannáin úafáis i gceist mar tá teannas sa scannán ó thús go deireadh. Tá an cineamatagrafaíocht go hiontach agus tá an ceol scanrúil sa scannán seo gan dabht ar bith. Tríd is tríd, is scannán iontach é agus má thaitníonn scannáin úafáis leat, is fiú é an scannán seo a fheiceáil gan on dabht.

Ráta 4.5/5

Tamara Ní Shíocháin

More Info

[/et_pb_text]
[/et_pb_column]
[/et_pb_row]
[/et_pb_section]