Leirmheas Victoria and Abdul

Leirmheas Victoria and Abdul

Bhí Banríon na Sasana ag obair léi agus í anonn go maith sna blianta. Casann sí ar fear óg Indiach darbh ainm Abdul Kareem. Forbraíonn an bheirt caidreamh neamhghnách agus bronnann an Banríon an ainm “Munshi” air. Ach níl mórán ball den teaghlach sásta le seo go háirithe a mac Bertie. Ag an am ní raibh muintir na Breataine oscailte chuig daoine le chúltúir eile.

Is ionadaí den sórt í an Banríon do Abdul, ní ligeann sí do aon duine drochfhocal a rá chuige. Creideann sí go ceart caitheadh le gach eile duine mar an gcéanna is cuma faoi dath a craiceann, nó a náisiúnta. Rud mór an smaoineamh seo ag an am go háirithe ón sochaí uasaicme.

Fásann an caidreamh  agus tá sé díreach céard a bhí in easnamh ag an mbanríon, tá sí ag dul in aois agus deir sí go bhfuil gach duine a raibh grá aici dó tar éis bás a fháil. Sa scannán feicimid an banríon ag gáire agus a foghlaim faoin domhain mhór go speisialta an India mar shampla faoi mangó.

Tá Judi Dench tarraingteach mar an banríon cantalach. Ní nach iontach go cuireann sí an lucht féachana faoi draíocht lena scileanna aisteoireachta. Is carachtair gealgháireach agus dearfach é Abdul. Glacann sé gach déis a tagann a dtreo.

Is scannán taitneamh é seo, is féidir le daoine ó gach aois grúpa sult a bhaint as. Caithfidh mé a rá gurbh é chleamhnais a shocraigh na haingil iad Victoria agus Abdul.

More Info