We are hiring -> Apply here

Spider-Man: Homecoming Leirmheas

Cheapfá nach mbeafaí in ann scannán eile a chruthú as an scéal céanna ach geallaim duit cuirtear casadh úr agus spleodrach ar Spider-Man. Tá an scannán suite i suíomh ardscoil Meiriceánach tipiciúil. Is léir nach bhfuil an-ghean air Peter Parker (Tom Holland) ar scoil. Is iarmharán é agus is ball den chlub deacatlan é.

Tosaíonn Homecoming i ndiaidh an ionradh ar Nua-Eabhrac a bhí ar siúl i rith The Avengers, freagraíonn sé ceist an lucht féachana; cad a tharla den chathair tar éis an cogadh cathrach?

Tá go leor téamaí uilíocha tríd mar shampla, cairdeas faighimid léargas iontach den chairdeas idir Peter agus Ned. Is carachtar greannmhar, geanúil agus saoithín é Ned. Le linn an scannáin athraíonn a ról go dtí cúntóir nó mar a glaonn Spidey air “An fear sa chathair”. Tugann an scannán léargas úr ar fíor chairdeas.

Téama eile ná ógántacht. Ceapainn Peter go bhfuil sé réidh a bheith mar bhall den fhoireann mhór “The Avengers” ach tá Iron Man (Robert Downey Jr) ag déanamh meantóireacht air agus níl sé róchinnte. Tá an caidreamh idir athair/mac míchompordach  agus greannmhar fad is a fhorbraíonn sé.

Níl sé cáilithe mar laoch go fóill, agus caitheann sé cuid mhaith den scannáin ag dhéanamh cad a dhéanann déagóirí an lae inniu; ag déanamh botúin ollmhóra agus damáiste do gach rud ina dtreo.

Tá gnéithe den bhun-plota fite fuaite tríd go cliste agus go slítheánta, leis an ngnáthphlota agus cúpla casadh curtha leis. Tá an-tóir ar an scannán seo do pháistí, déagóirí, daoine fásta, fanaiceach Marvel nó duine nach bhfuil mórán suime acu i sárlaochra. Is léir go bhfuil rud éigean go gach duine sa scannán seo a ghluaiseann go tapaidh agus atá lán de bomaite grinn.

Cloisim daoine á rá gurbh é Tom Holland an “Spider-Man is fearr” agus caithfidh mé a rá go bhfuil mé i gcomhaontú leo. Tá Marvel tar éis cinntú go bhfuil Spider-Man slán sábháilte ina lámha.

Claire Ní Neachtain

4.5/5