Léirmheas An Cailín Ciúin

 

Léiríonn an scannán seo nach gá go mbeidh scannáin Gaeilge dírithe ar chúrsaí Gaeltachta amháin. D’fhéadfá tuiscint a bhaint as an scéal seo go héasca, is cuma cén áit sa domhain a rugadh tú. In “An Cailín Ciúin”, níl sa teanga ach snáithe a nascann na carachtair leis an áit agus lena chéile. Is éard athá i gcroílár an scéil ná rud eile ar fad: máithreachas. Is iomaí léirmheastóir a dúirt gur clasaic an scannán seo cheana féin, agus is dóigh liom go bhfuil an fhírinne acu. Lonnaithe i gContae Phort Láirge ag tús na 80idí agus bunaithe ar úrscéal Foster (Claire Keegan), cloistear canúint uathúil sa scéal seo: Gaeilge na nDéise. Bhí iontas orm a thabhairt fé ndeara gur thuigeas gach éinne gan stró sa scannán, ós rud é go bhfuil ár gcanúint cineál annamh i bpobal na Gaeilge. É sin ráite, ní labhraíonn Cáit mórán – is í an cailín ciúin í a luaitear in ainm an scannáin. B’fhearr léi dul amach le fána ná cur suas lena deirfiúracha níos sine. Is minic a thugann a tuismitheoirí neamhaird ar na páistí go léir, agus léiríonn na radharcanna tosaigh gur cosúil go bhfuil dúlagar orthu beirt: a máthair traochta, ag iompar arís eile; a hathair drochídeach, báite san ólachán. Is léir dúinn mar lucht féachana gur ualach í Cáit dá tuismitheoirí, nuair a dhéanann siad cinneadh í a sheoladh go tigh chol ceathrar a máthair, Eibhlín, don samhradh. Ansan is féidir le Cáit cabhrú thimpeall sa bhfeirm ‘s acu agus blaiseadh de shaol difriúil a fháil ar feadh tréimhse. Cé go bhfuil Eibhlín níos cúramaí le Cáit ná a teaghlach féin, agus faigheann an cailín beag go leor grá agus spreagadh sa tigh sin le bheith ag caint níos minice, níl gach rud ina shuaimhneas. Thá drochscéal á chur i bhfolach acu, agus Cáit ar tí an rún mór a fháil amach.an cailín ciúinPléann an scannán seo le ceist an tsaibhris. Cad is saibhreas ann? An gciallaíonn sé go leor airgid a fháil ionas go mbeidh saol compordach agat? Nó an gciallaíonn sé a bheith in ann grá a thabhairt do pháiste agus í a thógáil mar is cuí?

Thá sár-jab déanta ní hamháin ag Colm Bairéad (stiúrthóir), ach ag na aisteoirí iontacha chomh maith, leis an gcur I láthair láidir mothúchánach a fheictear sa scáileán. Molaím é go hard sa spéir.

 

Natalia Uí Fhaoláin

5/5

Book Tickets