Our website is currently undergoing maintenance and may have limited functionality. We're working hard to improve your online experience. We appreciate your patience and understanding.

Léirmheas Dr Strange in the Multiverse of Madness

Ag leanúint leis an treocht athá tosnaithe ag Marvel Studios le blianta beaga anuas, cuireann “Dr Strange in the Multiverse of Madness” béim ar an ilchruinne. I gcodarsnacht le scéalta sárlaoch sna 2000idí luatha, anois is féidir leis na príomhcharachtair go léir aithne a chur ar a chéile, nó ar a laghad a bheith ar an eolas faoina chéile. Agus mar a tharla in “Spiderman: no way home”, is féidir leis na namhaid ó chruinní éagsúla amhlaidh a dhéanamh freisin.Dr StrangeTéama eile a fheictear ag atarlú sa scannán seo ná an scéal é nach bhfuil an namhaid go hiomlán olc. Is dócha go bhfuiltear ag cur suime aige sin sa lá athá inniu ann i ngeall ar an iontas agus na cora sa phlota siamsúla go léir a thagann leis. Ag an am céanna, b’fhéidir go bhfuil cineál dúspéise in ábhar an namhad intuigthe toisc go gcuireann sé sin muid i dteagmháil lenár gcuid dorchadais freisin. “Cad a dhéanfainn dá raibheas faoin mbrú céanna? B’fhéidir go mbeadh rud éigin olc déanta agamsa sa chás sin”, a smaointear. É sin ráite, ní rud nua é in aon chor. Cuireann sé Star Wars i gcuimhne dom, go háirithe.Dr StrangeIs ar an dá chúis sin thuas a déarfainn go bhfuil an scannán seo maith go leor. Níl sé go hiontach ar fad i mo thuairimse i ngeall ar an easpa cruthaíochta; Ach is píosa spraoi é gan dabht, níl aon pholl sa phlota, thá na aisteoirí go léir cumasach, agus is féidir sult a bhaint as gan stró. Ag tús an scannáin, cuirtear aithne ar charactar nua in ilchruinne Marvel: America Chavez (Xochitl Gómez). Tagann Dr Strange (Benedict Cumberbatch) uirthi nuair athá an beirt acu ag éalú ó ollphéist i radharc lán-aicsin agus draíochta. Tarlaíonn sé gur féidir le America taisteal idir na cruinní éagsúla (agus éinne a thabhairt ina héineacht sa turas), agus caithfear í a chosaint dá bharr. Ach ní “ógbhean i dtrioblóid” í go hiomlán, ós rud é go bhfuil cumhachtaí tábhachtacha eile aici a fheictear níos déanaí sa scannán.Dr StrangeLe cabhair Dr Strange agus a chara Wong (Benedict Wong), tá America fé bhrú foghlaim conas a cumhachtaí a chur fé smacht, sular féidir le bean feasa “dearg” Wanda Maximoff (Elizabeth Olsen) agus a hollphéisteanna iad a shroicheadh.
Is beagáinín deacair ciall a bhaint as an namhaid go hiomlán muna bhfuil Wanda Vision feicthe agat, go háirithe a dúbailteacht idir an mhaith agus an t-olc. Go bunúsach, is deacair di smacht a chur ar gach draíocht dhorch an domhain léi féin, gan ghéilleadh don cathú a thagann leis. Nuair a chonaic sí America, tháinig éad uirthi as an gcumhacht uathúil sin chun taisteal idir na cruinní. An mbeidh siad in ann éirí slán, agus gach cruinne a chosaint san am céanna?

Natalia Uí Fhaoláin

4/5

Book Tickets