Tá Maddie Whittier mar gach uile deagóir ar domhain ach tá rud amháin difriúil fúithi.. ní raibh sí taobh amuigh riamh. Tá fadhb sláinte aici darb ainm easpa imdhíonachta a chiallíonn nach féidir léi a bheith i dteagmhail le baictéír nóbeidh sí fíor-tinn. Níl saol úafásach aici; cónaíonn sí i dteach atá sainoiriúnaithe, is maith léi a bheith ag scríobh léirmheasanna ar scannáin agus tá an-suim aici sa léthoireacht. Is é a mórmhian atá aici ná a bheith ina ailtire.
Is léír go bhfuil Maddie tinn tuirseach leis an saol laethúil agus ag iarradh fiondar. Is é Olly an fiondar sin a bhí in easnamh ina saol. Is é Olly a comhairsean nua, buachaill óg, dáthúíl agus is é an chéad duine i shaol Maddie seachas a máthair agus banaltra a thugann aird di. Tosaíonn an bheirt acu caidhreamh rúnda ar líne. Tá a máthair buartha go bhfuil sí chun gach rud a chur i mbaol dó.
Déanann Maddie cinneadh deacair chun gach rud a chur ar an líne agus don chéad uair riamh an fharraige a fheiceáil; aisling a bhí aici ó a raibh sí an-óg. Imíonn sí ar eachtra do Haváí anseo thagann sí ar rún creathach a chasann a domhan bun os coinn.
Ni raibh aon tuairim agam faoin scannán seo sula bhfhaca mé é. Chuaigh mé le mo dheirfúir atá dhá bhliain dhéag d’aois; an aois ghrúpa atá an scannán dírthe air. Níor thaitin an scannán mórán linn. Bhí an scéalaíocht aisteach agus déacair a leanúint. D’éirigh an scannán níos fearr leath bhealach tríd mar gheall ar an ionadh sa pholta.
Ceann de na buanna den scannán ná an analach; rinne Maddie comparáid idir í féin agus spásaire. Mar tá an bheirt acu cuibhrithe agus foighneach. Cheap mé go raibh seo cliste agus suimúil, chabhraigh sé leis an lucht feachanna tuiscint níos mó a fhail ar an gcineál saol atá aici.