Léirmheas Rosie

rosie

More Info

Téann an scannán ‘Rosie’ i ngleic leis an ngéarchéim atá in Éirinn anois ag baint le easpa dídine. Stiúir Paddy Breathnach an scannán agus bhí sé ar siúl don chéad uair ag an Toronto Film Festival. Bhí sé ceann de na sé scannáin Éireannacha a bhí ar siúl ag an bhféile. Is iad Sarah Greene agus Moe Dunford na príomhcharactair sa scannán. Is lanúin iad le ceathrar pháistí acu.

Is clann den lucht oibre iad agus tá said fágtha gan dídean nuair a díolann a dtiarna talún a dteach. Ach is léir nach bhfuil sé ceart ná cothrom mar bíonn said ag obair go dian dícheallach. Oibríonn an t-athair sa chistin i mbialann galánta agus bíonn an mháithir ag obair gan stad gan staonadh chun a clann a choimeád sábhalta. Ní féidir leo fanacht le chairde mar tá seisear agaibh. Mar sin, cónaíonn said in a gcarr agus tá said ag lorg dídean nua gach oíche in óstáin.

Is rud an-tábhachtach é go bhfuil gnáthchlann den lucht oibre le feiceáil sa scannán seo mar léiríonn sé cé chomh dona is é an fhadhb in Éirinn anois. Níl aon dabht ach go taispeánann an scannán brúnna an tsaoil agus an saol crua atá ag roinnt daoine in Éirinn sa lá atá inniu ann. Is scéal an-bhrónach é gan dabht ar bith agus bhrisfeadh sé do chroí ach déileálann sé go maith leis an ábhar mar taispeánann sé an teannas agus an strus a bhí ann.

Tamara Ní Shíocháin

Ráta 4/5